Síniú Nuacht Téarmaí & Coinníollachaí English

Measúnú ar Chontúirt Brúnna & Tionchair mar chuid den Phróiséis Shonraithe

Tugann an measúnú ar Brúnna agus Tionchair léargas dúinn ar tionchar ghníomhaíocht daonna ar uisce dromchla agus uisce talún, agus aithníonn sé na h-aonaid uisce sin atá i mbaol gan spriocanna timpeallachta na Treorach a ghnóthú. Tá tábhacht ag roinnt leis an measúnú mar cruthaíonn sé túsphointe i gcóir bainistíocht iomlánaithe abhantraí - tríd an bpróiséis phleanáil abhantraí - agus mar barr ar sin tabhairfidh sé treoir dosna Cláir Fhaireacháin.

Is í ceist lárnach an mheasúnú ar Brúnna agus Tionchair ná 'cé acu na h-aonaid uisce atá i gcontúirt na spriocanna timpeallachta atá leagtha amach sa Treoir a theip?' Dá bhrí sin, síos tríd na leathanaigh gréasáin seo is é is brí le 'i gcontúirt' ná go léiríonn an measúnú ar Brúnna agus Tionchair gur cosúil go dteipfidh ar an aonad uisce sin spriocanna timpeallachta na Treorach a ghnóthú um 2015 mura ndeintear beart cuí bainistíochta.

Ní gá go gciallaíonn 'i gcontúirt' go bhfuil drochstádas á fhulaingt ag aonad uisce cheana féin, ach díríonn sé aird ar áiteanna inár ceart bearta cuí bainistíochta a chur chun feidhme lena chinntiú go gcoimeádtar stádas maith, nó a chinntiú go mbainfear amach é sa todhchaí. Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara nach bhfuil sna measúnaithe ach sonrú tosaigh ar aonaid uisce, agus gur ghá tuilleadh sonraithe de réir na Treorach d'aonaid uisce 'i gcontúirt' agus aonaid uisce trasteorann. San áit a ndeintear measúnaithe níos mine, d'fhéadfadh athrú a theacht ar an earnáil contúirte ina dhiaidh sin. Fosta, ba chóir a aithint go n-áirítear sna measúnaithe seo gníomhaíochtaí agus brúnna nár mheasadh nó nár tuairiscíodh cheana i mbainistíocht an chomhshaol uisce i dTuaisceart Éireann nó i bPoblacht na hÉireann.

Spriocanna Timpeallachta

Is iad na spriocanna timpeallachta gur ghá a ghnóthú de réir na Treorach ná:

D'uisce dromchla

  • Stádas maith éiceolaíoch agus stádas maith ceimiceach d'uisce dromchla um 2015
  • Acmhainn maith éiceolaíoch agus stádas maith ceimiceach d'uisce dromchla, do aonaid uisce rí-athraithe (AURA) agus aonaid uisce saorga (AUS)
  • Cosc a chur ar meathlú ó stádas go chéile
  • Spriocanna agus caighdeáin a bhaineann le huisce a ghnóthú do cheantair chosanta
  • Laghdú de réir a chéile ar scairdeadh substaintí tosaíochta agus stop láithreach le scairdeadhsubstaintí contúirteacha tosaíochta

D'uisce talún

  • Stádas maith toirte agus ceimiceach a ghnóthú d'uisce talún um 2015
  • Cosc a chur ar meathlú ó stádas go chéile
  • Cúlú ar aon threoghluaiseachtaí suntasacha, buana in airde i dtruailliú agus cosc/smacht ar ionchur truailleán in uisce talún
  • Spriocanna agus caighdeáin a bhaineann le huisce a ghnóthú do cheantair chosanta

Aithnítear aonaid uisce a bheith i gcontúirt má's cosúil nach ngnóthóidh siad aon cheann de na spriocanna thuas. Is ar an gcontúirt nach ngnóthódh aonaid uisce stádas maith um 2015 a dhírigh an chéad Mheasúnú ar Brúnna agus Tionchair. Tuigimid, faoi scéim rangú uisce dromchla an Chreat-Treoir Uisce, go gciallóidh stádas maith go gcaithfear caighdeáin riachtanacha ar a laghad a ghnóthú amach anseo dosna ceantair chosanta seo a leanas:

  • Uiscí a chothaíonn sliogéisc
  • Uiscí snámha
  • Uiscí ainmnithe ar iasc úr
  • Limistéir leochaileacha do Níotráití
  • Limistéír leochaileacha aitheanta faoin Treoir um Chóiriú Dramhuisce Uirbigh.

Caithfear cloí le spriocanna do limistéir chosanta d'uisce inólta agus suíomhanna Natura 2000 chomh maith. I measc suíomhanna Natura 2000 áirítear Limistéir Speisialta Caomhnaithe faoin Treoir AE ar Gnáthóga, agus Limistéir Speisialta Cosanta faoin Treoir AE ar Éin.

Tá treoir nua á plé d'uiscí talún, a bhfuil d'aidhm aici bearta sonracha a bhunú le truailliú uisce talún a chosc agus a smachtú, chomh maith le caighdeáin cheimiceacha a chur ar bun a ndéanfaidh stádas maith ceimiceach a shainiú.

Oibriú amach cad tá i gContúirt

Mór-dúshlán do dhéanamh an mheasúnú contúirte is ea easpa sainmhíniú beacht ar 'stádas maith' atá ar aon dul ar fud na hEorpa. Tá an tasc seo ar siúil anois agus tabharfaidh sé faisnéis don chóras rangaithe a n-úsáidfear sa deireadh thiar thall do shonrú breise agus tuairisciú.

Go ginearálta, bunaíodh an measúnú contúirte ar an staid mar atá faoi láthair, agus níor áiríodh féidireachtaí atá romhainn nó feabhsúcháin atá pleanáilte. Tabhair faoi deara go bhfuil an-fairsinge ag baint le h-aonaid uisce eatramhacha, uiscí cladaigh agus uiscí talún, agus d'fhéadfaí iomlán an aonaid a chur i gcontúirt de bharr brúnna áitiúila amháin nach dtéann i bhfedhm ach ar ranna beaga den aonad uisce. Cuirfear é seo san áireamh in aon Chlár Bearta a bhunófar.

Cé go n-éilíonn an Treoir go dtuairisceofaí aonaid uisce ceachtar 'i gcontúirt' nó 'gan a bheith i gcontúirt', mhol UKTAG go raibh buntáiste ag baint le rangú sa bhreis ar sin sa Ríocht Aontaithe. Leis an rangú níos cruinne seo tiocfaidh linn ár saothair a dhíriú sa chéad babhta pleanála bhainistíocht abhantraí. Sa chéad ainilís, díríodh an saothar ar na contúirtí is mó a aithint.

Le cóir a chur ar an obair amach anseo, deintear torthaí a chlárú de réir na h-earnáil chomhaontaithe atá léirithe i dTábla 1 thíos.

Tábla 1: Earnáil tuairiscithe chomhaontaithe agus bearta dá éis

Earnáil Tuairiscithe na Treorach

Earnáil Tuairiscithe an RíochtAontaithe

Beart

I gcontúirt

(1a) Aonaid uisce i gcontúirt shuntasach na spriocanna a theip. Tig breithniú ar bearta cuí a luaithe is féidir.
(1b) Aonaid uisce i gcontúirt de réir dealraimh na spriocanna a theip, ach go bhfuil tuilleadh eolais de dhíth leis an dearcadh seo a chinntiú. Fócas do mheasúnú contúirte níos mine le fáil amach an bhfuil nó nach bhfuil na haonaid uisce san earnáil seo i gcontúirt shuntasach in am trátha don coimriú idirthréibhseach ar cheisteanna suntasacha bhainistiú uisce i 2007.

Gan bheith i gcontúirt

(2a) Aonaid uisce gan bheith i gcontúirt shuntasach is dócha spriocanna a theip, nó sonraí tearc Fócas ar chaighdeán an eolais a leasú in am trátha don dara tuairisc ar Ainilís Brúnna agus Tionchar i 2013.
(2b) Aonaid uisce gan bheith i gcontúirt shuntasach spriocanna a theip. Athbhreithniú don chéad tuairisc eile ar Ainilís Brúnna agus Tionchar i 2013 le athraithe suntasacha stádais a aithint.

Tá modhanna agus bunachair sonraí éagsúla úsáidte ag an Ainilís Brúnna agus Tionchar as siocar sonraí difriúla ar chaighdeáin difriúla a bheith ar fáil. I roinnt measúnaithe úsáideadh sonraí a thugann léargas ar tionchair éiceolaíocha, m.sh. caighdeán uisce, daonraí flora agus fauna áirithe i gcláir fhaireacháin reatha, agus d'úsáid roinnt eile brúnna a bhí ann ar an dtimpeallacht, m.sh. suíomhanna astógálacha uisce agus láithreacha struchtúr fisiceach a leithéid coraí a d'fhéadfadh tionchar timpeallachta a bheith acu.

Freagraíonn na modhanna éagsúla seo do nádúr na sonraí agus an eolais a bhí ar fáil dosna chéad measúnaithe. Tiocfaidh feabhas ar líon agus caighdeán na sonraí ar fáil do bhabhtaí measúnaithe amach anseo, á ndéanamh níos cuimsithí agus urrúnta. Cinnteofar comhréir na measúnaithe in aonaid uisce agus abhantracha trasteorann. Mar sin féin, creidtear go bhfuil bunús folláin sa chéad ainilís seo a ligfidh cláir fhaireacháín a fhorbairt chomh maith leis an bpróiséas pleanála ar bhainistiú abhantraí. Tá torthaí an chéad ainilíse ar brúnna agus tionchair léirithe sa Tuairisc Shonraithe atá ar fáil ó suíomhanna idirlín an EHS agus EPA.

ar ais go barr
Trá Oileán Toraigh An Tor Mór