Síniú Nuacht Téarmaí & Coinníollachaí English

Fáilte!

Click here for Water Matters download area

Fáilte go dtínár suíomh idirlín a chuireann eolas ar fáil faoi Cheantar Abhantraí an Oirthuaiscirt agus Tionscnamh NS SHARE. Cuirfimid tuairiscí tionscnaimh agus léarscáileanna idirghníomhacha ar fáil anseo ionas go dtig leis an chuairteoir teacht ar eolas faoina cheantar féin agus faoi chur i gcrích an Chreat-Treoir Uisce.

Tá an tionscnamh seo urraithe ag Clár INTERREG IIIA an AE d'Éirinn/Tuaisceart Éireann.

Interactive map showing the River Basin Districts
Ceantar Idirnáisiúnta Abhantraí an Iarthuaiscirt Ceantar Idirnáisiúnta Abhantraí nEathach Banna Ceantar Abhantraí an Oirthuaiscirt

Maidir le Réigiún an Oirthuaiscirt

Tá ceantar Abhantraí an Oirthuaiscirt crochta thar cúinne thoir thuaidh oileán na hÉireann, é ag síneadh ón taobh ó dheas de chósta Chondae an Dúin, thart ar chathair Bhéal Feirste, agus Gleannta Aontroma go dtadhlaíonn le Condae Doire / Londain-Doire ag a chríoch thiar thuaidh. Is é an Lagán a phríomh-abhainn, é ag sní isteach i bport Bhéal Feirste agus na clóis tógáil long a bhíodh ann, agus is mór an díol suntais iad na sruthanna mara ag béal Loch Cuan. Sníonn an t-iliomad aibhneacha níos lú ó chnoic is ghleannta an limistéir go dtí an cósta, ina measc aibhneacha mar an Bhuais, ar a raibh go leor muillte agus tionscail a leithéid an drioglann fuisce ag Muileann na Buaise.

Ceantar Abhantraí an Oirthuaiscirt

Ceann de thrí Cheantar Abhantraí (CA-anna) is ea Ceantar Abhantraí an Oirthuaiscirt atá curtha le chéile in aon tionscnamh amháin, NS SHARE (nod do 'Acmhainní Uisce roinnte Thuaidh Theas'). Tá an tionscnamh seo urraithe ag Clár INTERREG IIIA an AE d'Éirinn/Tuaisceart Éireann. Bunaíodh é le spriocanna an Chreat-Treoir Uisce a chur i gcrích sa réigiún. Tá an Treoir seo ar an phíosa reachtaíochta ón Aontas Eorpach is téagartha agus is nuálaíoch ar uisce go nige seo. Leagann sí amach creat mionchruinn do chosaint, feabhsú agus úsáid inbhuanaithe ár n-uisce.


Image of a bay Image of sunset Image of a thistle